☘️Bhí Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil i bPobalscoil Loreto le dhá sheachtain anuas. ☘️
Bhain roinnt ranganna sult as féachaint ar an scannán iontach ‘An Cailín Ciúin’. 🎬
Bhí tréan-obair ar siúl sna ranganna le dúshláin ranga sa Dara Bliain agus físeáin i stíl ‘Tik Tok’ a chrúthú ag daltaí sa Chéad Bhliain. 📽
Bhí Maidin Tae, Pléigh agus Biongó ag an Séú Bliain. Bhí iomaíocht ghéar idir roinnt daltaí agus an biongó ar siúl!!! ☕️🍪💬
Rinne an 5ú Bliain Rás Glas. 🏃Comhghairdeas le Darragh, James, Kelsi agus Ava a bhuaigh an rás. Comhghairdeas le Bean Mhic Phaidín freisin a rinne an rás freisin! 👏
Míle buíochas do na daltaí ar an choiste a chuidigh linn chun na himeachtaí seo a eagrú.
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir ☘️